Written answers

Thursday, 30 April 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Eitilte

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

33. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici go leanfaidh an tseirbhís aeir go hÁrainn ar aghaidh ar an gcaighdeán ar a bhfuil sé ó thaobh minicíocht eitiltí agus costas d'oileánaigh de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16587/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an fógra ag lorg tairiscintí do sheirbhís aeir Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 foilsithe anois le spriocdháta den 8 Meitheamh 2015 ag tairgeoirí seirbhísí aeir chun tairiscintí a dhéanamh.

Faoin iarratas ar thairiscintí, tá íosleibhéal seirbhíse in aghaidh na seachtaine i gceist, is é sin dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, móide seirbhís iompair bóthair chun freastal ar na heitiltí sin. Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, ní bheidh bac ar an chuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil.

San iarratas ar thairiscintí, leagtar síos uastáillí do thicéid don tseirbhís aeir. Tá ardú beag i gceist san iarratas ar thairiscintí ar na huastáillí sin, seachas mar atá i bhfeidhm faoin chonradh reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.