Written answers

Wednesday, 15 April 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

240. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén pionós faoin Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta atá curtha ar fheirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth ar cuireadh pionós air; cén méid pionóis atá i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13947/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faomhadh an duine a ainmníodh chun bheith rannpháirteach ea ch i Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta (AEOS 2) 2011 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011 agus eisíodh íocaíocht maidir le blianta 2011, 2012 agus 2013 na Scéime. Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna eile íocaíochta limistéarbhunaithe, is gá seiceáil chuimsitheach riaracháin a chríochnú, cros-seiceálacha san áireamh leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Roghnaíodh an t-iarratas le haghaidh iniúchadh talún, a rinneadh an 9 Meán Fómhair 2014. I rith an iniúchta seo, tugadh neamhchomhlíonadh Théarmaí agus Choinníollacha na Scéime faoi deara maidir leis an ngníomh ‘Féarach ar Mhórán Speiceas’. B’éard a bhí mar thoradh air seo ná gur gearradh pionós. Eisíodh litir don duine ainmnithe a chuir ar an eolas é faoi seoan 8 Márta 2015.  Tá an comhad á phróiseáil faoi láthair ar bhonn thorthaí an iniúchta agus tá sé de rún íocaíocht a eisiúint maidir leis an mbliain 2014 lúide asbhaintí a luaithe is féidir.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

241. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth a bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13948/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faomhadh an duine a ainmníodh chun bheith rannpháirteachi Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta (AEOS 2) 2011 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011 agus eisíodh íocaíocht maidir le blianta 2011, 2012 agus 2013 na Scéime. Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna eile íocaíochta limistéarbhunaithe, is gá seiceáil chuimsitheach riaracháin a chríochnú, cros-seiceálacha san áireamh leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Roghnaíodh an t-iarratas le haghaidh iniúchadh talún, a rinneadh an 9 Meán Fómhair 2014. I rith an iniúchta seo, tugadh neamhchomhlíonadh Théarmaí agus Choinníollacha na Scéime faoi deara maidir leis an ngníomh ‘Féarach ar Mhórán Speiceas’. B’éard a bhí mar thoradh air seo ná gur gearradh pionós. Tá an comhad á phróiseáil faoi láthair ar bhonn thorthaí an iniúchta agus tá sé de rún íocaíocht a eisiúint maidir leis an mbliain 2014 lúide asbhaintí a luaithe is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.