Written answers
Wednesday, 15 April 2015
Department of Agriculture, Food and the Marine
Seirbhísí Farantóireachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
233. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén réiteach fadtéarmach a dhéanfar chun páirceáil fheiliúnach a chur ar fáil saor in aisce d’oileánaigh i gcalafort Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13864/15]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl ar cheann de shé Ionad Iascaigh Cuain shannta atá faoi úinéireacht, bainistiú agus cothabháil mo Roinne faoi Reacht.
Tá an úsáid a bhaineann muintir Árann as Carrchlós na nOileánach ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl éascaithe faoi cheadúnas.
Coimeádfar soláthar áiseanna carrpháirceála do mhuintir Árann faoi athbhreithniú leanúnach, agus aird ar fhorbairtí féideartha amach anseo ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl. Is féidir liom a dhearbhú don Leas-Aire, faoi mar a rinneadh roimhe seo, go gcuirfear san áireamh go hiomlán tuairimí na gcónaitheoirí maidir leis an gceist seo.
No comments