Written answers
Thursday, 26 March 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na mBóithre
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
273. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist airgead a chur ar fáil i mbliana do scéim na mBóithre Pobail a bhí ann i rith thréimhse an rialtais deiridh trínar cuireadh airgead ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le caoi a chur ar bhóithre portaigh agus bóithre eile trí mheascán d’obair scéimeanna ar nós an scéim SST agus deontas airgid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12427/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tá buiséad caipitil mo Roinne don Ghaeltacht laghdaithe le roinnt blianta anuas. Chomh maith leis sin, tá na scéimeanna faoina gcuirtí maoiniú ar fáil d'obair fheabhsúcháin ar bhóithre curtha ar fionraí. Sa chomhthéacs sin, níl sé beartaithe maoiniú a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le haghaidh bóithre. Leis an allúntas atá ar fáil don Ghaeltacht, tá mo Roinn ag díriú ar infheistíocht caipitil a bhaineann leis an bpleanáil teanga agus le forbairtí sa réimse sin, ar nós na gcoláistí Gaeilge, áiseanna réamhscolaíochta agus infreastruchtúr Gaeilge i gcoitinne.
No comments