Written answers

Tuesday, 24 March 2015

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

Foráim Pleanála Fiontar

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

313. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cad iad na fóraim atá ar fáil faoi scáth na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta chun deis a thabhairt d’eagraíochtaí atá ionadaíoch d’fhiontair a gcuid smaointe a chur in iúl don rialtas. [11153/15]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin North Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Soláthraíonn mo Roinn deiseanna éagsúla d’eagraíochtaí thar ceann gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile chun ionchur a sholáthar le haghaidh go leor míreanna oibre ríthábhachtacha. Tá na próisis agus na fóraim comhairliúcháin seo a leanas le fáil i mo Roinn agus cuireann siad deiseanna ar fáil d’eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann gnólachtaí chun a ndearcadh a chur in iúl don Rialtas.

Bunaíodh Grúpa Athbhreithnithe an Dlí Cuideachtaí leis an Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001. Is é ról an Ghrúpa comhairle a chur orm maidir le nithe a bhaineann leis an dlí cuideachtaí agus, trína bhíthin sin, féachaint chun an fhiontraíocht a chur chun cinn, an tráchtáil a éascú, feidhmiú Achtanna na gCuideachtaí a shimpliú, an dea-rialachas a fheabhsú, agus ionracas tráchtála maith a spreagadh. Tá ionadaithe do chomhlachtaí gnó, oibrithe, dlí, airgeadais agus cuntasaíochta páirteach sa Ghrúpa, mar aon le ionadaithe ó chomhlachtaí ábhartha eile.

Déanann an Grúpa Ardleibhéil um Rialáil Gnó, faoi chathaoirleacht an Aire Stáit um Ghnó agus Fostaíocht Gearailt De Nais T.D., idirchaidreamh buan idir an earnáil ghnó, na ceardchumainn agus oifigigh an Rialtais. Féachann an Grúpa chuig réitigh a aimsiú ar fhadhbanna ar leith a bhaineann leis an ualach riaracháin arna gcur in iúl dó ag na comhaltaí gnó trí bhíthin rannpháirtíochta leis na Gníomhaireachtaí agus leis na Ranna ábhartha ar fud an Rialtais.

Tá ballraíocht ionadaíoch fhairsing ag an nGrúpa seo, agus bíonn sé ag saothrú chun ualaí ar ghnólachtaí a laghdú agus chun fadhbanna a bhaineann leis an maorlathas, arna sainaithint ag an earnáil ghnó, a shimpliú chomh tapa agus is féidir. Leanann an Grúpa d’obair i gcomhar leis an earnáil ghnó chun deiseanna nua simplithe a shainaithint.

Déanann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí fóram do chuntasóirí a reáchtáil a bhfuil mar chuspóir leis deis a thabhairt do chleachtóirí a dtuairimí a mhalartú agus a chomhroinnt leis an Oifig. Cleachtóirí beaga agus meánmhéide atá ar an bhfóram sin ar bunaíodh é in 2003, agus tá ionadaithe ó na mórchomhlachtaí cuntasaíochta air freisin. Tagann an fóram le chéile gach trí mhí go hiondúil, agus bíonn daoine gairmiúla thar ceann na tionsclaíochta ann freisin. Tá go leor cuntasóirí i measc chustaiméirí na hOifige i láthair na huaire.

Bíonn an Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais ag tuairisciú don Rialtas maidir le saincheisteanna tábhachtacha an iomaíochais atá le sárú ag geilleagar na hÉireann, agus cuireann an Chomhairle moltaí ar fáil maidir leis na gníomhartha beartais atá de dhíth chun seasamh iomaíoch na hÉireann a fheabhsú. Cuireann mo Roinn tacaíocht taighde agus rúnaíochta ar fáil don Chomhairle. I measc na gcomhaltaí reatha, áirítear ionadaithe na bhfostóirí agus na gceardchumann, daoine a bhfuil saineolas ábhartha acu i réimse an iomaíochais, agus ionadaithe ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Bíonn ionadaithe ó réimse Ranna Rialtais ag freastal ar chruinnithe na Comhairle freisin mar chomhairleoirí.

Cuireann an Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí comhairle ar fáil don Rialtas ar na riachtanais scileanna atá ag an ngeilleagar faoi láthair agus ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo, agus ar shaincheisteanna eile a bhaineann leis an margadh saothair a mbíonn tionchar acu ar fhás na fiontraíochta agus na fostaíochta in Éirinn. Tá ról lárnach ag an Sainghrúpa deimhin a dhéanamh de go ndéantar riachtanais an mhargaidh saothair i ndáil le hoibrithe oilte a bheith ar fáil, a réamh-mheas agus a chomhlíonadh. Bunaíodh an Sainghrúpa in 1997, agus tuairiscíonn sé domsa agus don Aire Oideachais agus Scileanna. Cuireann mo Roinn, i gcomhar le SOLAS, tacaíocht taighde agus rúnaíochta ar fáil don Sainghrúpa. Ionadaithe lucht gnó, fostaithe, lucht oideachais, ranna rialtais agus gníomhaireachtaí stáit atá sa bhaill den .

Roghnaíodh sé Chomhpháirtí Tionsclaíochta nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2013, d’fhonn cur chuige comhoibríoch idir an Rialtas agus an tionsclaíocht a áirithiú maidir leis an tionchar fostaíochta a bhaint amach. Úsáidfidh na Comhpháirtithe an taithí agus an saineolas atá acu chun na hAthchóirithe Suaiteacha a chur chun feidhme agus i leith bheartas an Rialtais maidir le fostaíocht agus fiontraíocht níos ginearálta.

Tá bord comhairleach ag an Údarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta ar a bhfuil ionadaithe ón earnáil ghnó agus ó cheardchumainn.

Rinne mo chomhghleacaí Gearailt De Nais T.D., an tAire um Ghnó agus Fostaíocht, an Grúpa Comhairleach maidir le Gnóthais Bheaga a thabhairt le chéile arís anuraidh. I measc na gcomhaltaí reatha, áirítear fiontraithe, eagraíochtaí ionadaíocha do FBManna, eagraíochtaí nuathionscanta, agus an earnáil ilnáisiúnta. Is é cuspóir an Ghrúpa Chomhairligh guth níos mó a thabhairt do FBManna i bhforbairt beartais agus comhairle a chur ar an Aire um Ghnó agus Fostaíocht maidir le saincheisteanna a bhaineann le FBManna.

Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta do Phoist anuraidh, chuir mo Roinn Fóram Comhairliúcháin Miondíola ar bun chun ardán a sholáthar do rannpháirtíocht struchtúrtha idir an earnáil mhiondíola agus ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha an Rialtais. Tá sé mar chuspóir leis plé a chumasú ar na príomh-shaincheisteanna atá ábhartha don earnáil mhiondíola d’fhonn gníomhartha praiticiúla a shainaithint a d’fhéadfadh an Rialtas, nó an tionscal féin, a ghlacadh chun tacú leis an earnáil. Tá ionadaithe ón earnáil mhiondíola agus ó chomhlachtaí ábhartha san earnáil phoiblí ar an bhFóram Comhairliúcháin Miondíola, agus tagann an Fóram le chéile uair sa ráithe.

In 2014, d’fhoilsigh an Rialtas .Bhunaigh an Rialtas Fóram do Pháirtithe Leasmhara maidir le Freagracht Shóisialta Chorparáideach sa chéad leath de 2014 chun cuspóirí an Phlean a spreagadh, faisnéis a chur ar fáil d’fhorbairt bhreise chreat beartais na freagrachta sóisialta corparáidí in Éirinn, agus a áirithiú go mbeidh an plean náisiúnta sin ábhartha i gcónaí don dea-chleachtas agus don smaointeoireacht idirnáisiúnta is déanaí atá ag teacht chun cinn. Déanann an Fóram do Pháirtithe Leasmhara ionadaithe ón earnáil ghnó, ón earnáil phoiblí agus ón bpobal níos leithne a thabhairt le chéile.

Bhunaigh an Rialtas Coiste Comhairleach maidir le Poist sa Gheilleagar Glas chun na deiseanna atá ag teacht chun cinn d’Éirinn sa Gheilleagar Glas a thapú. Féachann an Coiste Comhairleach ar fho-earnálacha den Gheilleagar Glas ar bhonn téamach, agus bíonn cleachtóirí ón tionsclaíocht a bhfuil léargas ar leith acu ar na fo-earnálacha ábhartha páirteach freisin (mar shampla Táirgí agus Seirbhísí Glasa, Éifeachtúlacht Fuinnimh agus Acmhainní, Fuinneamh In-Athnuaite, Taighde agus Forbairt).

Nuair a bheidh na Pleananna Gníomhaíochta Réigiúnacha á bhforbairt, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus le GFT Éireann, rachaimid i gcomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara i ngach réigiún. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, reáchtálfar Fóram do Pháirtithe Leasmhara i ngach réigiún ina mbeidh tras-ionadaíocht fhairsing ón earnáil ghnó, ón earnáil phríobháideach agus ón bpobal níos leithne.

I mí Iúl 2014, bhí cruinnithe agam maidir leis an bPlean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, le hionadaithe ó Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC), American Chambers, SFA, Chambers Ireland, Gnóthais Bheaga agus Mheánacha na hÉireann (ISME), Comhdháil na gCeardchumann (ICTU), SIPTU, IMPACT, UNITE agus INOU chun a dtuairim a lorg maidir le cruth agus le hábhar an Phlean. Bhí plé comhchéime agam freisin le grúpa fiontraithe chun a dtuairimí a lorg maidir leis an gcaoi is fearr ar féidir leanúint de thacú le gníomhaíocht nuathionscanta in Éirinn. In go leor cásanna, cuireadh aighneachtaí foirmiúla i scríbhinn isteach chuig an Roinn tar éis an phlé. Foilsíodh glao oscailte ar aighneachtaí ar láithreán gréasáin na Roinne; eisíodh iarratas scríofa ar aighneachtaí ar fud chóras an rialtais agus chuig liosta leathan páirtithe leasmhara, agus chuir mo Roinn seoladh ríomhphoist tiomnaithe ar bun le haghaidh na n-aighneachtaí. Baineadh úsáid sa Phlean Gníomhaíochta as eolas ó na hidirghníomhaíochtaí díreacha a bhí agam féin, ag mo Roinn, agus ag na gníomhaireachtaí forbartha fiontraíochta le gnólachtaí agus le heagraíochtaí éagsúla i rith na bliana, mar aon le haighneachtaí foirmiúla ón gComhairle Náisiúnta Iomaíochais. Fuarthas 40 aighneacht ar an iomlán, agus rinneadh anailís agus obair orthu, ar fud an rialtais, thar thréimhse trí mhí. Foilsíodh an Plean ag deireadh mhí Eanáir.

Anuas ar na grúpaí thuasluaite, tugann mo Roinn féin faoi chomhairliúcháin phoiblí ad hoc ar fud na Roinne mar aon le próisis comhairliúcháin éagsúla a bhíonn ar siúl ó am go ham ar fud mo Roinne chun rannpháirtíocht pháirtithe leasmhara a éascú de réir mar a thagann saincheisteanna ar leith chun solais. Mar shampla, chuimseofaí an próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an bPá Íosta Náisiúnta atá á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún ar Phá Íseal. Faigheann mo Roinn aiseolas leanúnach freisin óna gníomhaireachtaí maidir le saincheisteanna atá ábhartha dá cliantchuideachtaí agus, arís eile, baintear úsáid as an bhfaisnéis sin chun beartas a cheapadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.