Written answers

Thursday, 12 March 2015

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seirbhísí Leathanbhanda

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

40. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources cén uair a bheidh seirbhís leathanbhanda ar luas ard ar fáil i gCill Chiaráin, i gCarna, ar an gCloch Bhreac agus i Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe; cén íosteorainn leathanbhanda a bheidh ar fáil sna ceantair seo idir an dá linn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10238/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é is aidhm leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a chinntiú go bhfuil rochtain ar sheirbhís leathanbhanda ardluais d’ardchaighdeán ag gach saoránach agus ag gach gnó, is cuma cá háit a bhfuil siad lonnaithe. Bainfear an sprioc seo amach trí infheistíochtaí tráchtála mar aon le hidirghabháil faoi threoir an Stáit i gceantair nach mbeidh seirbhísí tráchtála ar fáil iontu.

Tá infheistíocht €2.5 billiún á déanamh ag an earnáil teileachumarsáide tráchtála i láthair na huaire in uasghrádú líonraí agus i seirbhísí feabhsaithe; táthar ag tnúth go mbeidh rochtain ar sheirbhísí tráchtála leathanbhanda ardluais ag thart ar 1.6 milliún den 2.3 milliún áitreabh in Éirinn sa dá bhliain atá romhainn. Tá na hinfheistíochtaí thar a bheith suntasach agus beidh athrú ó bhonn ar chaighdeán na seirbhísí leathanbhanda atá ar fáil mar gheall orthu.

I mí na Samhna anuraidh, d’fhoilsigh an tAire léarscáil náisiúnta a léiríonn clúdach ardluais sa bhliain 2016. Is féidir teacht ar an léarscáil ar . Maidir leis na ceantair a bhfuil dath GORM orthu, beidh rochtain iontu ar sheirbhísí tráchtála leathanbhanda ardluais faoi dheireadh 2016.

Léiríonn na ceantair a bhfuil dath ÓMRACH orthu na sprioc-cheantair le haghaidh idirghabhála faoi threoir an Stáit, Cill Chiaráin, Carna, an Chloch Bhreac agus Seanadh Farracháin, Contae na Gaillimhe ina measc. Is féidir leis an bpobal, lucht gnó agus lucht cónaithe araon, amharc ar an léarscáil lena fheiceáil an amhlaidh a bheidh rochtain san áitreabh/sa bhaile acu ar sheirbhísí tráchtála leathanbhanda ardluais faoi dheireadh 2016 nó an amhlaidh a bheidh siad san áireamh in idirghabháil bheartaithe an Rialtais.

Tháinig deireadh le tréimhse comhairliúcháin phoiblí, ar cuireadh tús leis i mí na Samhna, ar 12 Feabhra. Tá 29 aighneacht faighte go dtí seo agus déanfar breithniú orthu sna seachtainí atá romhainn; beidh siad san áireamh agus na mórchinntí a gcaithfear iad a dhéanamh lenár Straitéis Idirghabhála chuimsitheach a thabhairt i gcrích á ndéanamh. Tá sé i gceist an straitéis a fhoilsiú le haghaidh próiseas comhairliúcháin i mí Iúil.

Tabharfaidh an straitéis aghaidh ar réimse ceisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an idirghabháil, ina measc an tsamhail soláthair is fearr, roghanna úinéireachta agus rialachais, ceisteanna maoinithe agus an tseirbhís do na húsáideoirí deiridh. Cuid den anailís atá idir lámha is ea breithniú ar phointí nasctha straitéiseacha a aithint agus a chur in ord tosaíochta; beidh áiteanna mar pháirceanna fiontar, scoileanna agus pointí eile gníomhacha eacnamaíochta nó sóisialta i bpobail tuaithe i gceist.

Beidh an Idirghabháil bheartaithe faoi réir cead Státchabhrach ón gCoimisiún Eorpach freisin.

Nuair a bheidh comhairliúchán poiblí an tsamhraidh seo chugainn thart, rachfar i mbun próiseas sonrach soláthair, de réir rialacha soláthair AE agus na hÉireann, leis an rogha tairgeora nó tairgeoirí a roghnú. Ceapfaidh an Roinn tairiscint sa dóigh go n-uasmhéadófar éifeachtúlachtaí agus go gcoinneofar costas tógála an líonra chomh híseal agus is féidir. Táthar ag tnúth go nascfar an chéad bhabhta tithe agus gnóthaí in 2016 agus go leanfar le naisc a dhéanamh ina dhiaidh sin; tá sé i gceist gach áitreabh a nascadh taobh istigh de thréimhse 5 bliana.

Is tionscadal casta, uaillmhianach é seo, agus is ardtosaíocht don Rialtas é. Is é is aidhm leis na dúshláin nascachta in Éirinn a shárú ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.