Written answers

Thursday, 12 March 2015

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seirbhísí Leathanbhanda

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

26. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources an gceapann sé gurb ionann córas leathanbhanda snáthoptaice agus córas leathanbhanda gan sreang; cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le gach córas díobh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10239/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I líonra snáthoptaice baintear úsáid as solas le sonraí a tharchur i bhfad níos gasta agus i bhfad níos faide ná líonraí traidisiúnta copair. Is féidir freastal ar leithead banda i bhfad níos mó freisin, rud a fhágann gur féidir le cuid mhaith úsáideoirí a bheith ar líne san aon am amháin gan meathlú a theacht ar chaighdeán na brabhsála acu. Meastar gurb é snáithín an t-ardán teicneolaíochta is fearr le tacú le gníomhaíochtaí gnó agus eacnamaíochta an lae inniu, agus meastar freisin gurb é is fearr a sheasfaidh an aimsir agus a mbeidh teacht aniar ann.

Maidir leis an teicneolaíocht gan sreang (seasta agus soghluaiste araon), tarchuirtear comharthaí raidió ó stáisiúin bhunáite nó ó chrainn go trealamh glactha in áitreabh an tomhaltóra. Tá an líne amhairc fíorthábhachtach ina leithéid seo d’ardán, mar sin. Tá tábhacht freisin le bacainní fisiceacha (sléibhte, cnoic, crainn etc) agus le líon na n-úsáideoirí in aon chill ar leith atá ar líne ag an am céanna. Dá mhéad líon na n-úsáideoirí atá gníomhach in aon am ar leith is amhlaidh is ísle an caighdeán brabhsála dóibh siúd atá sa chill. Is féidir leis an drochaimsir cur isteach ar chaighdeán na seirbhíse freisin.

Is amhlaidh is féidir seirbhísí ardchaighdeáin agus ardluais a chur ar fáil trí líonraí gan sreang, ag brath ar na toisí. Ní sheasfaidh siad an aimsir chomh maith céanna le líonraí snáithín, áfach, agus is gá cuid mhaith obair leanúnach cothabhála a dhéanamh orthu.

Maidir le hidirghabháil an Rialtais, caithfimid déanamh de réir bheartas na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de lena bheith ag teacht le treoirlínte an Choimisiúin faoi Státchabhair. Beidh ár n-idirghabháil ceaptha sa dóigh go gcuirfear 30 mbps ar a laghad ar fáil do gach áitreabh sa cheantar idirghabhála, agus caithfear a bheith in ann é seo a mhéadú ó scála de réir mar a mhéadóidh an t-éileamh ar leithead banda amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.