Written answers

Wednesday, 11 March 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

38. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgead atá ar fáil, i mbliana, chun an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a chur i bhfeidhm; cé mhéad cruinniú den Fhochoiste Aireachta ar an nGaeilge ar fhreastail sí orthu, ó ceapadh ina hAire í; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10020/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, ní miste a rá go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir. É sin ráite, cuireadh allúntas ar leith de €0.5m ar fáil don chéad uair riamh don Straitéis i Vóta mo Roinne anuraidh. Caitheadh an t-airgead sin ar ghníomhaíochtaí breisluacha ar leith chun tacú leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is ar mhaithe leis na haidhmeanna céanna a chur i gcrích a chaithfear an t-allúntas méadaithe de €0.551m atá ar fáil don Straitéis i Vóta mo Roinne i mbliana.

Ón uair gur ceapadh mé mar Aire Stáit, bhí dhá chruinniú den Choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ann ar a d’fhreastail mé féin agus an tAire Humphreys. Reáchtáladh an dá chruinniú seo ar an 29 Meán Fómhair agus an 8 Nollaig 2014. Táthar ag súil leis go mbeidh an chéad chruinniú eile den Choiste Rialtais ar an 30 Márta 2015.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.