Written answers
Wednesday, 11 March 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
28. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil an Rialtas chun deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10169/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a cuireadh in iúl don Teach cheana, beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 ar a dhéanaí maidir le síneadh a chur nó gan a chur leis an maolú reatha atá i bhfeidhm i ndáil le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Tá plé ar bun ag mo Roinn, i gcomhar le Roinn an Taoisigh, le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcur chuige is fearr maidir le todhchaí an mhaolaithe. Is léir go mbeidh tionchar ag toradh an phlé sin ar na moltaí a bheidh le cur faoi bhráid an Rialtais in am trátha sula dtógfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an gceist seo.
No comments