Written answers
Wednesday, 11 March 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
19. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí chun cumhacht an Choimisinéara Teanga a láidriú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10170/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais, rinne mo Roinn athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ag eascairt as an athbhreithniú sin, thóg an Rialtas cinneadh anuraidh Bille a dhréachtú chun leasuithe a dhéanamh ar an Acht Teanga. I gcomhthéacs an athbhreithnithe, thóg an Rialtas cinneadh nach ndéanfaí Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman, mar a bhí beartaithe.
I gcomhréir le polasaí an Rialtais, cuireadh Ceannteidil an Bhille faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht. Bhí éisteachtaí ag an bhFochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir leis na Ceannteidil i mí na Bealtaine seo caite. Foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste maidir leis na Ceannteidil ar an 24 Feabhra. Tá na moltaí atá inti, cuid acu a mholann ról an Choimisinéara Teanga a láidriú, á meas agam faoi láthair.
No comments