Written answers

Thursday, 5 March 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

283. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad ionad atá in úsáid d’imeachtaí Coláiste Gaeilge atá scrúdaithe ag a Roinn le bliain anuas; cén líon díobh sin a gcaithfear obair riachtanach a dhéanamh orthu roimh an samhradh le bheith feiliúnach do na Coláistí Gaeilge; cén cúnamh atá i gceist ag a Roinn a chur ar fáil don obair riachtanach seo; cén srian a chuirfidh na cinntí atá déanta ag a Roinn ar líon na scoláirí a bheidh in ann freastal ar na Coláistí Gaeilge i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9705/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, tugann oifigigh mo Roinne cuairt ar gach coláiste Gaeilge, a mbíonn cúrsa aitheanta á reáchtáil acu sa Ghaeltacht, le linn na gcúrsaí sin a bheith ar siúl. Le linn na gcuairteanna sin, déantar scrúdú ar nithe éagsúla, lena n-áirítear caighdeán na cóiríochta. Tá an cleachtadh sin seanbhunaithe. Sa chás go bhfuil coláiste nua ag lorg aitheantais nó go bhfuil coláiste ag iarraidh cead mo Roinne chun ionad eile a úsáid, déantar na hionaid sin a scrúdú sula dtugtar aitheantas don choláiste. Bhí 52 coláiste Gaeilge, a raibh aitheantas mo Roinne acu faoin scéim, ag feidhmiú in 2014. Ag deireadh na bliana sin, iarradh ar na coláistí sa Ghaeltacht eolas a chur ar fáil faoi na hionaid a bheadh in úsáid acu do chúrsaí 2015. Ó thús na bliana seo, tá cuairteanna tugtha ag innealtóir mo Roinne ar 46 de na hionaid sin agus tá sé beartaithe go dtabharfar cuairt ar na hionaid eile chomh luath agus is féidir. Cé go bhfuil ceisteanna ann faoi roinnt ionaid, meastar gur féidir a bhformhór a réiteach. Ní miste a nótáil go raibh an cur chuige seo aontaithe ag mo Roinn le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) roimh ré.

Sa chás go bhfuil oibreacha riachtanacha le déanamh ar ionaid atá in úsáid ag na coláistí le cinntiú go bhfuil siad sábháilte, is féidir iarratas a dhéanamh chuig mo Roinn faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga. Sa chás go meastar go bhfuil ionad neamhoiriúnach ar fad in úsáid ag coláiste Gaeilge, déanfaidh mo Roinn gach iarracht teacht ar shocrú eile leis an gcoláiste, más féidir. É sin ráite, tá mé dóchasach go mbeidh mo Roinn ábalta na hionaid a bhí in úsáid ag na coláistí anuraidh a cheadú arís i mbliana. Tá mé ag súil go mbeidh aon oibreacha riachtanacha déanta roimh thús na gcúrsaí in 2015 le comhoibriú na gcoláistí Gaeilge agus na gcoistí áitiúla a chuireann ionaid ar fáil do na coláistí. Mar thoradh ar an gcur chuige seo, tá súil agam nach mbeidh aon srian curtha ar líon na scoláirí a bheidh in ann freastal ar na coláistí Gaeilge i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.