Written answers
Thursday, 26 February 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Fostaíocht sa Ghaeltacht
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
260. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén líon daoine atá fostaithe sa tionscal nua toitíní leictreonacha i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe; cén líon a bhfuil súil leis a bheith fostaithe ann ag deireadh na bliana seo; cén mhoill a bhaineann leis an tionscal seo a chur ar bun; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8687/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil ochtar fostaithe faoi láthair sa chomhlacht seo agus go bhfuil sé beartaithe go mbeidh 35 fostaithe sa ghnó roimh dheireadh na bliana. Tuigim ón Údarás fosta gur cuireadh moill ar fhorbairt sa chomhlacht mar gheall ar chúinsí a bhaineann le gnéithe oibriúchán, lóistíochta agus rialachán don táirge. Tuigtear don Údarás go bhfuil príomhaí an chomhlachta dóchasach, áfach, go mbeidh dul chun cinn sásúil á dhéanamh sa ghnó sna míonna amach romhainn.
No comments