Written answers

Wednesday, 25 February 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cearta Móna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

193. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil stráicí móna a dtabhairt amach ar cíos do dhaoine ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra; má tá, an bhfuil stráicí ar fáil ar cíos nó ar léas i gConamara; má tá, cad iad sonraí na bportach ina bhfuil na stráicí seo ar fáil i gConamara; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8329/15]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon socruithe ginearálta i bhfeidhm ag mo Roinnse faoina bhfuil stráicí móna curtha ar cíos ná ar léas i gConamara ná in aon áit eile. É sin ráite, tá roinnt socruithe sonracha i bhfeidhm, ar socruithe stairiúla iad go príomha. Mar shampla, tá cead ag trí theaghlach móin a ghearradh ar thailte Marconi, mar a thugtar orthu, ó dheas ón gClochán, de réir socruithe a rinneadh sular cheannaigh mo Roinn na tailte sin. Tá socrúcháin eile atá cosúil leo seo i bhfeidhm i ndail le stráicí móna ar Phortach Choill na Gloine i gContae Uíbh Fhailí agus i limistéar nach bhfuil ainmnithe os cionn Ghleann Crí i gCo. Chill Mhantáin, ar a dtugtar na Featherbeds. Ar phortach Dhoire Cinn Locha i gContae Mhaigh Eo, ta 14 stráice in úsáid, agus is iad bainteoirí móna a athlonnaíodh as Limistéar Caomhantais Speisialta Phortach na Fliuchmhuine an chuid is mó acu; tá móinchearta á n-éilimh ag roinnt teaghlach i bPáirc Náisiúnta Bhaile Chruaich agus i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Cuireadh tús le mórchuid na n-éileamh a bhaineann le Gleann Bheatha le linn ré Choimisiún Talún na hÉireann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.