Written answers

Tuesday, 17 February 2015

Department of Education and Skills

Scoláireachtaí Gaeltachta

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

456. To ask the Minister for Education and Skills an aontaíonn sí go raibh an Ghaeilge mar dhlúthchuid den fhís a bhí ag ceannairí an Éirí Amach in 1916 don tsochaí chomhpháirteach a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach in Éirinn; an gcuirfidh sí in iúl cé acu atá sí sásta na scoláireachtaí Gaeltachta, a bhíodh ar fáil óna Roinn i gcuimhne ar 1916 agus ar cuireadh stop leo cúpla bliain ó shin, a chur ar fáil arís in 2016; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6992/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An Scéim Scolaireachtaí Triú Leibhéal (Trí Ghaeilge: Teoranta), agus Scéim Scoláireachta Donogh O'Malley. Bronnadh na trí Scoláireachtaí Gaeltachta gan aon chritéir socheacnamaíoch a chur i bhfeidhm. Tá na sparántachtaí nua, áfach, deartha go speisialta chun díriú ar mhic léinn atá ag freastal ar scoileanna DEIS i gceantair faoi mhíbhuntáiste, agus a léiríonn freisin leibhéal de mhíbhuntáiste pearsanta nó teaghlaigh trí bheith i dteideal cárta leigheas a bheith acu.

Bronntar damhachtáiní ar bhonn reigiúnda agus is féidir measúnú a dhéanamh ar mhic léinn ó na scoileanna DEIS ar fad.

Rinneadh an t-athrú seo chun an úsáid is fear a bhaint as acmhainní gann, chun díriú ar na mic léinn is fearr ó thaobh feidhmiú de, sa chohórt díobh siúd a bhfuil cúnamh airgeadais is mó ag teastáil uathu.

Níl aon phlean faoi láthair na Scoláireachtaí Gaeltachta a chur i bhfeidhm arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.