Written answers

Tuesday, 17 February 2015

Department of Education and Skills

Teagasc na Gaeilge

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

435. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil staidéar déanta aici ar na modhanna trína múintear an Ghaeilge, go háirithe a mhéid a bhaineann siad leis na moltaí atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5524/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanann an Chigireacht monatóireacht ar cháilíocht teagaisc agus foghlama na Gaeilge i ngach bunscoil agus iar-bhunscoil mar chuid dá clár cigireachta bhliantúil. Úsáidtear réimse múnlaí cigireachta lena n-áirítear measúnuithe ar an scoil uile, cigireachtaí ábhair, cigireachtaí teagmhasacha agus cigireachtaí leantacha. Tá suirbhéanna ar thuismitheoirí agus daltaí mar chuid de mheasúnuithe ar an scoil uile.

Tá faisnéis le fáil i dtuairiscí cigireachta ar shuíomh gréasáin mo Roinne maidir le láidreachtaí agus réimsí óna dteastaíonn forbairt i scoileanna aonair i ndáil le teagasc na Gaeilge. Áirítear i dTuarascáil an Phríomhchigire forbhreathnú ar na príomhthorthaí ó thuairiscí teagmhasacha agus ar an scoil uile idir 2010 agus 2012 maidir le cáilíocht teagaisc agus foghlama na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Tá an tuarascáil seo ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.