Written answers

Tuesday, 10 February 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Ordúithe Logainmneacha

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

163. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad ordú logainmneacha atá deimhnithe ag an Aire le trí bliana anuas; cé mhéad ordú logainmneacha atá ag fanacht le bheith deimhnithe aici; cén beartas atá aici i leith orduithe logainmneacha a dheimhniú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5458/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar Cheist Uimhir 1056 a freagraíodh ar an 14 Eanáir 2015. Ón mbliain 2012 go dáta, tá Ordú Logainmneacha amháin déanta, is é sin Ordú Logainmneacha Chontae Chorcaí. Tá Orduithe Logainmneacha le déanamh fós i gcás 17 contae, a bhfuil eolas maidir leis an staid reatha fúthu-san tugtha thíos.

Faoi láthair, tá dréachtorduithe logainmneacha ullmhaithe do chontaetha na Gaillimhe, Liatroma agus Longfoirt agus déanfar na horduithe sin chomh luath agus atá na leasuithe cuí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla achtaithe.

Ós rud é go bhfuil na logainmneacha go léir i ndréachtordú logainnmneacha Chontae Mhaigh Eo scrúdaithe ag an gCoiste Logainmneacha anois, foilseofar ar shuíomh gréasáin na Roinne iad go han-luath chun tuairimí an phobail a fháil ina leith. Ullmhófar an dréachtordú nuair atá an próiseas sin curtha i gcrích.

Tá an obair thaighde ar chontaetha Cheatharlach, Loch Garman agus Shligigh críochnaithe agus cuirfear logainmneacha na gcontaetha sin faoi bhráid an Choiste Logainmneacha le linn na tréimhse 2015-2016.

Tá obair thaighde ghníomhach ar bun freisin i ndáil le contaetha Laoise, Chill Mhantáin, Chill Dara, an Chláir, Chiarraí agus an Chabháin. Ach an obair sin a bheith curtha i gcrích, rachfar i ngleic leis an taighde ar an gcuid eile de na contaetha, is iad sin Dún na nGall, Ros Comáin, an Mhí agus an Iarmhí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.