Written answers

Tuesday, 3 February 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Íocaíochtaí Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

339. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste don bhliain 2014 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4845/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste don bhliain 2014 ón duine ainmnithe ar an 15 Aibreán 2014. Tar éis an t-iarratas sin a phróiseáil, sainaithníodh saincheisteanna maidir le fíorú i leith chomhlíonadh an dlúis íosta stocála. Rinne an duine ainmnithe pasanna eachaí i leith dhá asal a rugadh sa bhliain 2010 a thíolacadh. Faoi Rialachán AE 505/2008, ceanglaítear, de bhreis ar phas eachaí a fháil, micrishlis a ionphlandú i ngach eachaí a rugadh tar éis an 1 Meitheamh 2009 agus sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón dáta breithe nó faoi dheireadh bhliain na breithe, cibé acu is déanaí. Níor chuir an duine ainmnithe faoi deara micrishlis a ionphlandú sa dá asal lena mbaineann go dtí an 11 Bealtaine 2014, agus, dá bhrí sin, mainníodh cloí le Rialachán AE 504/2008. Dá bhrí sin, níl na hainmhithe sin cáilithe lena gcur san áireamh sa ríomhaireacht don dlús stocála.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.