Written answers

Wednesday, 21 January 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Pleananna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

250. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) plean teanga a réiteach; an bhfuil aon phlean teanga i bhfeidhm ag FSS faoi láthair; mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil, ag cur i gcuntas an méid teagmhála a bhíonn ag FSS leis an bpobal; cén uair a bheartaítear plean teanga a chomhaontú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2989/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mí Iúil 2005, daingníodh scéim teanga faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla le Bord Sláinte an Iarthair, mar a bhí ag an am agus atá anois mar Réigiún an Iarthair d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Faoi alt 14(3) den Acht, fanann forálacha na scéime sin i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua. Cé gur iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dréachtscéim teanga a ullmhú i mí na Nollag 2006 agus cé gur cuireadh dréachtscéim faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ag an am, níor daingníodh an dréachtscéim leis an FSS ar bhonn náisiúnta ó shin, go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú don FSS.

Tá plé gníomhach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus an FSS le tamall anuas maidir le dréachtscéim teanga a aontú leis an FSS ar bhonn náisiúnta. Ag eascairt ón bplé seo, tá tús curtha ag an FSS le próiseas comhairliúcháin ina leith ó 7 Eanáir 2015. Sa chomhthéacs seo, ní miste a nótáil go bhfuil athruithe substaintiúla sa treis ag an FSS faoi láthair maidir le bunú na nGrúpaí Ospidéal agus na nEagraíochtaí Sláinte Pobail. Táthar ag súil go gcuimseoidh an dréachtscéim nua atá á hullmhú na struchtúir nua seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

251. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon pleananna teanga a comhaontaíodh gach bliain ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i bhfeidhm, agus idirdhealú á dhéanamh idir an chéad phlean, an dara plean agus an tríú plean i ngach cás; cé na forais, na heagraíochtaí nó na ranna stáit a bhí i gceist i ngach bliain acu sin; cén líon pleananna atá fós i bhfeidhm agus a comhaontaíodh tráth is luaithe ná trí bliana ó shin; cén líon iomlán comhlachtaí a thagann faoi réim na reachtaíochta seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2990/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá eolas maidir leis an líon scéimeanna teanga a daingníodh ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm tugtha sna táblaí thíos.

Céad Scéimeanna Teanga

An líon céad scéimeanna teanga daingnithe

Bliain
Líon scéimeanna
Comhlacht Poiblí
2004
1
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
2005
22
An Chomhairle Ealaíon
An Coimisiún Reifrinn
An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
An Roinn Oideachais agus Scileanna
An tSeirbhís Chúirteanna
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall
Comhairle Contae Chiarraí
Comhairle Contae Dhún na nGall
Comhairle Contae na Gaillimhe
Comhairle Contae Phort Láirge
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Limistéar an Iarthair
Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo
Oifig an Ombudsman & Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Oifig an Uachtaráin
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Roinn an Taoisigh
2006
18
An Roinn Airgeadais
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Banc Ceannais na hÉireann
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Comhairle Chathair na Gaillimhe
Comhairle Contae Átha Cliath Theas
Comhairle Contae Fhine Gall
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Comhairle Contae na Mí
Óglaigh na hÉireann
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Ollscoil Luimnigh
Ollscoil na hÉireann, Corcaigh
Seirbhís Oideachais Chontae Chiarraí
2007
29
An Bord Pleanála
An Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúla
An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúla
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
An Foras Riaracháin
An Phríomh-Oifig Staidrimh
An Roinn Coimirce Sóisialaí
An Roinn Cosanta
An Roinn Iompair Turasóireachta & Spóirt
Clárlann na nGníomhas & Clárlann na Talún
Coimisiún Forbartha an Iarthair
Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath
Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí
Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe
Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
Comhairle Chathair Chorcaí
Comhairle Chathair Luimnigh
Comhairle Contae an Chláir
Comhairle Contae Chorcaí
Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin
Comhairle Contae Liatroma
Comhairle Contae Lú
Comhairle Contae na hIarmhí
Comhairle Contae Ros Comáin
Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Oifig an Ard-Aighne & Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Oifig na nOibreacha Poiblí
2008
15
An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh
An Crannchur Náisiúnta
An tÚdarás um Ard-Oideachas
Bord Soláthair an Leictreachais
Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath
Comhairle Cathrach Phort Láirge
Comhairle Contae Cheatharlach
Comhairle Contae Chill Dara
Comhairle Contae Longfoirt
Comhairle Contae Luimnigh
Comhairle Contae Mhuineacháin
Leabharlann Chester Beatty
Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach
An Foras Áiseanna Saothair (FÁS)
Teagasc
2009
14
An Binse Comhionannais
An Garda Síochána
An Roinn Sláinte
Bord Scannán na hÉireann
Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir
Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí
Comhairle Bhuirg Chill Chainnigh
Comhairle Contae an Chabháin
Comhairle Contae Chill Mhantáin
Comhairle Contae Laoise
Foras na Mara
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann & Oifig um Chlárú Cuideachtaí
2010
6
An Roinn Post, Fiontar & Nuálaíochta
Comhairle Contae Loch Garman
Comhairle Contae Shligigh
Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí
Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide
2011
0
2012
3
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Seirbhís Thithe an Oireachtais
2013
4
An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain
Údarás Aerphort Bhaile Átha Cliath
Údarás Craolacháin na hÉireann
2014
6
An Bord Bia
An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
An tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
Suirbhéireacht Ordanáis Éireann
Údarás Aerfort na Sionainne
Iomlán
118


Dara Scéimeanna Teanga

An líon dara scéimeanna teanga daingnithe
Bliain
Líon scéimeanna
Comhlacht Poiblí
2009
8
An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall
Comhairle Chathair na Gaillimhe
Ollscoil Luimnigh
Roinn an Taoisigh
2010
10
An Roinn Cosanta
Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Comhairle Contae Chiarraí
Comhairle Contae Dhún na nGall
Óglaigh na hÉireann
Oifig an Ard-Aighne & Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Seirbhís Oideachais Chontae Chiarraí
2011
1
An Bord Pleanála
2012
6
An Crannchur Náisiúnta
Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
Comhairle Contae Átha Cliath Theas
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Oifig an Ombudsman & Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
2013
11
An Coimisiún Reifrinn
An Roinn Oideachais agus Scileanna
An tSeirbhís Chúirteanna
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Bord Soláthair an Leictreachais
Comhairle Contae Chill Chainnigh
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo
Oifig an Uachtaráin
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide
2014
9
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
An Roinn Airgeadais
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
Comhairle Contae na Gaillimhe
Foras na Mara
Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Leabharlann Chester Beatty
Oifig na nOibreacha Poiblí
Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad
Iomlán
45


Tríú Scéimeanna Teanga

An líon tríú scéimeanna teanga daingnithe
Bliain
Líon scéimeanna
Comhlacht Poiblí
2013
1
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
2014
6
An Roinn Cosanta
Comhairle Contae Chiarraí
Comhairle Contae Dhún na nGall
Óglaigh na hÉireann
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Iomlán
7
Tá 53 scéim teanga san iomlán i bhfeidhm le os cionn trí bliana, ar a n-áirítear 47 céad scéim agus 6 dara scéim. Mar is eol don Teachta, faoi réir alt 14(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, fanann scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a ndaingnítear í nó go dtí go mbíonn scéim nua daingnithe, cibé acu is déanaí.

Tá uasdátú á dhéanamh ar an Chéad Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi láthair chun na hathruithe móra atá tagtha ar chomhdhéanamh na seirbhíse poiblí le roinnt blianta anuas a bheachtú. De réir an eolais is déanaí atá ar fáil i ndáil leis an phróiseas uasdátaithe, tuigtear dom go dtagann tuairim is 443 comhlacht poiblí faoi scáth an Achta faoi láthair.

Is mian liom a mheabhrú don Teachta fosta go bhfuil sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá á n-ullmhú faoi láthair, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, .

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.