Written answers

Wednesday, 21 January 2015

Department of Health

Scéim na dTinneas Fadtréimhseach

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

151. To ask the Minister for Health an dtabharfaidh sé sonraí faoi liosta na dtinneas fadtréimhseach; an bhfuil beartaithe téarmaí ar nós 'mental handicap' a athrú ar an liosta i bhfianaise an téarma sin a bheith seanchaite agus dímholta; an bhfuil beartaithe nuashonrú eile a dhéanamh ar an liosta i bhfianaise na dtinneas fadtréimhseach ar fad atá air ach nach dtugtar aitheantas dóibh a thuilleadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2879/15]

Photo of Kathleen LynchKathleen Lynch (Cork North Central, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh an Scéim Tinneas Fadtearmach de réir Alt 59(3) den Acht Sláinte 1970 (mar atá leasaithe). Rinneadh rialacháin le linn 1971, 1973 and 1975 ag sonrú na riocht atá clúdaithe faoin Scéim Tinneas Fadtearmach, atá mar a leanas: Bac intinne/ meabhair, Tinneas intinne (do dhaoine faoi 16 d'aois amháin), Diabetes insipidus, Diabetes mellitus, Haemifile, Pairilis cheirbreach, Feinilcéatónúire, Titeamas, Fiobríos chisteach, Scléaróis ilchodach, Spina bifida, Dystrophies matánach, Hydrocephalus, Galar Parkinson, Géarleoicéime and reachta de thoradh Tailídimíde.

Faoi láthair, níl i gceist cur le liosta na riocht faoin Scéim Tinneas Fadtearmach nó an tearmaíocht sa Scéim a leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.