Written answers

Tuesday, 20 January 2015

Department of An Taoiseach

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

173. To ask the Taoiseach bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cén líon post ina mbeidh, agus cé na gráid ag a mbeidh, státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; an mó post acu sin, arna scagadh de réir gráid, a bhfuil duine iontu cheana féin ag a bhfuil an cumas cuí Gaeilge agus Béarla; cén cháilíocht Gaeilge is gá do na poist sin; i gcás nach bhfuil treoir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe á comhlíonadh, céard is cúis leis an moill agus cén uair a scrúdófar sin. [2542/15]

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Díríonn obair mo Roinne go príomha ar dhéileálacha leis an Rialtas agus le ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais. Mar thoradh air sin, ní thugaimid leibhéal mór éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge.

Thug roinnt comhaltaí foirne i mo Roinn le fios go bhfuil roinnt inniúlachta acu sa Ghaeilge agus tá siad inniúil go leor chun réimse seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar chéimeanna áirithe. As na comhaltaí seo, sannadh beirt oifigeach a bhfuil ardleibhéal inniúlachta acu chun seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge, agus is leor an líon oifigeach seo chun freastal ar an éileamh reatha.

Aithníonn mo Roinn an tábhacht a bhaineann le líon foirne a bheith ann a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge agus a bhfuil de chumas acu seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, sonrófar i scéimeanna teanga amach anseo de chuid mo Roinne, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, na poist ag a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.