Written answers

Tuesday, 20 January 2015

Department of Foreign Affairs and Trade

Acht na Gaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

490. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an ndearna Rialtas na hÉireann, mar a comhaontaíodh i gComhaontú Chill Rìmhinn, Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann a chur ar liosta tosaíochtaí Rialtas na hÉireann sna pléití a bhí ann idir na páirtithe ó thuaidh le déanaí; an dtacaíonn Rialtas na hÉireann le hAcht Gaeilge a chur ar fáil gan mhoill do phobal na Gaeilge ó thuaidh agus, má thacaíonn, an mbeidh sé sin ina dhlúthchuid d’ábhar na bpléití ó thuaidh sna seachtainí atá amach romhainn; an bhféadfadh sé tuairisc a thabhairt ar na bearta a dhéanfaidh Rialtas na hÉireann chun an tAcht Gaeilge sin a bhaint amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2541/15]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois-Offaly, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí Acht na Gaeilge mar chuid de dhoiciméad a leag an Rialtas faoi bhráid ó thús na bpléití agus bhí díoma orainn nach raibh tiomantas chun Acht na Gaeilge a achtú ag Westminster nó ag Tionól Thuaisceart Éireann, mar chuid den Aontas deireanach a rinneadh i dTeach Stormont ar an 23ú Nollaig 2014. In anneoin na geallúinte a rinneadh ag Cill Rímhinn chun Acht an Gaeilge a reachtáil, ní dhearna Rialtas na Breataine é seo roimh freagracht as an dteanga a dhéabhlóidiú go Tionól Thuaisceart Éireann i 2007. Tá Feidhmeannacht agus Tionól Thuaisceart Éireann anois freagrach as Acht na Gaeilge a reachtáil. Bhí sé soiléar i rith na bpléití le déanaí nach bhfuil an comhdhearcadh riachtannach sa Fheidhmeannacht ó thaobh Acht na Gaeilge.

Ba mhaith liom dul chun cinn maidir leis an ábhar seo a fheiscint i smaointeoireacht Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann. Agus dlús curtha thar nais chun rialtas chomhpháirtaithe ag Comhaontú Stormonta chothú, bhéinn dóchasach go ndéanfar dul chun cinn ar an ábhar go luath sa tréimhse atá romhainn. Spreagfainn na páirtithe uilig a thacaíonn, i bprionsabal, le hAcht na Gaeilge do Thuaisceart na hÉireann, chun comhdhearcadh a chothú laistigh den Tionól chun Acht a reachtáil.

Cé nach raibh comhaontú i measc na bpáirtithe le linn na bpléití le déanaí, rinne Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann ráiteas tábahachtach i gComhaontú Theach Stormont faoin gá atá ann chun meas agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.