Written answers

Wednesday, 14 January 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

324. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1424/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go dtí seo, tá dhá phost i mo Roinn ina bhfuil inniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla de dhíth. Post Oifigeach Feidhmiúcháin i Rannán Gnóthaí Corparáide na Roinne agus post Oifigeach Cléireachais in Ionad Cuan Iascaigh Ros an Mhíl iad na poist sin. Tá líofacht i nGaeilge de dhíth sa dá phost.

Tá an post Oifigeach Feidhmiúchán le líonadh faoi láthair mar gheall ar ardú céime agus líonfar é chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.