Written answers
Wednesday, 14 January 2015
Department of Public Expenditure and Reform
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
211. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1436/15]
Brendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar fhreagra ar cheist an Theachta, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil de chumas ag ochtar ball foirne obair na Roinne a dhéanamh trí Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil cuma íseal ar an bhfigiúr seo, ach is cinnte gur leor é chun freastal a dhéanamh ar riachtanais na heagraíochta. Mar gheall ar an ról ata aici, ni bhíonn mórán plé ag mo Roinn leis an ngnáth-phobal, cur i gcás i gcomhthéacs scéimeanna nó seirbhísí dírithe ar dhaoine aonair a sholáthar. Mar sin féin, déanann mo Roinn monatóireacht ar an éileamh atá ar a chuid seirbhísí trí mhéan na Gaeilge chun a chinntiú go gcomhlíontar é. Níl aitheantas tugtha do aon phoist nó réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le oifigigh atá inniúil sa dá theanga.
No comments