Written answers

Wednesday, 14 January 2015

Department of Finance

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

157. To ask the Minister for Finance bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1431/15]

Photo of Michael NoonanMichael Noonan (Limerick City, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní gnách leis an Roinn seirbhísí a chur ar fáil don phobal go díreach. Mar sin féin, sa chás go bhfuil gá le haistriúchán agus nach bhfuil ball foirne atá inniúil i nGaeilge ag Rannóga, nó nach bhfuil an duine sin ar fáil, cuirfidh ball foirne ainmnithe ó Rannóg eile seirbhís ar fáil nuair is gá. Rinneadh suirbhé Teanga agus Cáilíochtaí le linn 2014 inar léiríodh go bhfuil inniúlacht i nGaeilge ag 7 ball foirne.  Is ionann sin agus thart ar 2.3% de líon foirne reatha na Roinne.

Léiríodh i suirbhé a rinneadh laistigh den Roinn roimhe sin gur phléigh 15 bhall foirne san iomlán le comhfhreagras scríofa i nGaeilge agus gur phléigh 2 bhall foirne le glaonna gutháin i nGaeilge in 2013. B'ionann sin agus 17 mball foirne nó 5.3% den líon foirne iomlán.  Cé nár phléigh formhór na mball foirne ach le líon beag míreanna (phléigh 11 bhall foirne le 3 mhír nó níos lú), phléigh ball foirne amháin le níos mó ná 9 gcás de chomhfhreagras scríofa le linn 2013.  Anuas air sin, ba i nGaeilge a fuarthas 3 mhír de chomhfhreagras Aire agus a cuireadh freagra orthu le linn 2013.

Generally the Department does not provide services directly to the public but where there is a need for translation and Divisions do not have a member of staff proficient in Irish, or where such a person is not available, a designated member of staff from another Division will provide a service in Irish where required. A Language and Qualifications survey was carried out during 2014 which indicated that 7 members of staff have some proficiency in Irish.  This represents some 2.3% of the current staff compliment of the Department.

An earlier survey within the Department revealed that in 2013 a total of 15 members of staff dealt with written correspondence in Irish and 2 dealt with telephone calls in Irish, totalling 17 staff or 5.3% of the total staffing numbers.  While most dealt with only a few items (11 staff dealt with 3 or fewer items), one member of staff dealt with more than 9 instances of written correspondence during 2013.  In addition, 3 items of Ministerial correspondence were received and answered in Irish during 2013.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.