Written answers

Wednesday, 14 January 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1063. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ós rud é go bhfuil an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise istigh in 2015; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1711/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Cuirtear é seo i gcrích tríd na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an Coiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, an Coiste Comhairleach, an Grúpa Idir-Rannach agus na grúpaí ardleibhéil éagsúla. Ón uair gur foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2010, tá dul chun cinn suntasach déanta ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh éagsúla atá luaite inti. Foilsíodh tuarascáil sa bhliain 2013 inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán a rinneadh maidir le feidhmiú na Straitéise le linn na tréimhse ó 2010 go 2013. Ina theannta sin, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin Straitéis ag an am céanna. I mí Mheán Fómhair 2014, d’fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, dhá cheann déag acu san iomlán agus mo Roinn féin san áireamh, tuarascálacha ar an dul chun cinn a bhí déanta acu ó 2013 faoin Straitéis. Tá na tuarascálacha thuasluaite go léir ar fáil ag: .

Cé go bhfuil an Straitéis fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir, ní miste a rá gur cuireadh allúntas ar leith de €0.5m ar fáil don chéad uair riamh don Straitéis i Vóta mo Roinne anuraidh. Caitheadh an t-airgead sin ar ghníomhaíochtaí breisluacha ar leith chun tacú leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Is ar mhaithe leis na haidhmeanna céanna a chur i gcrích a chaithfear an t-allúntas ar leith de €0.551m atá ar fáil don Straitéis i Vóta mo Roinne i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.