Written answers

Wednesday, 14 January 2015

Department of Transport, Tourism and Sport

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1016. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1438/15]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'iarr an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe orainn scrúdú a dhéanamh ar an gceist seo. Tá súil againn go bhfuil an próiseas seo curtha chun críche againn chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.