Written answers
Wednesday, 14 January 2015
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
957. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1427/15]
Alex White (Dublin South, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tar éis an t-ábhar seo a scrúdú in 2014, chuir mo Roinn in iúl don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nach bhfuil aon riachtanas i mo Roinn faoi láthair le haghaidh poist a dteastaíonn Státseirbhísigh atá inniúil ar an nGaeilge agus ar an mBéarla lena n-aghaidh. Leanfar de bheith ag déanamh athbhreithniú air sin i bhfianaise athruithe ar riachtanais ghnó. Mar sin féin, tá roinnt ball foirne i mo Roinn a bhfuil scileanna Gaeilge acu agus is féidir leas a bhaint as na scileanna sin de réir mar a bhíonn gá leo. Seo gráid na mball foirne sin:
Grád | Líon na mball foirne |
---|---|
Leas-Rúnaí | 1 |
Príomhoifigeach | 2 |
Príomhoifigeach Cúnta | 3 |
Ardoifigeach Feidhmiúcháin | 2 |
Oifigeach Riaracháin | 1 |
Oifigeach Feidhmiúcháin | 1 |
Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann | 1 |
Druileálaí Cúnta | 1 |
Ina theannta sin tá conradh déanta ag mo Roinn le hOifigeach Gaeilge páirtaimseartha.
No comments