Written answers

Wednesday, 14 January 2015

Department of Education and Skills

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

804. To ask the Minister for Education and Skills bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1429/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is iad na príomhghráid sa Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh ar phobal na Gaeilge ná na gráid a bhaineann le cigireacht na scoileanna agus le soláthar na seirbhísí síceolaíochta oideachais a chuireann An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do Ghaelscoileanna. Tá 24 síceolaí oideachais sa tSeirbhís faoi láthair atá inniúil sa Ghaeilge agus a chuireann a gcuid seirbhísí proifisiúnta ar fáil trí Ghaeilge. Tá 51 cigire i Rannán Chigireacht na Scoileanna ag an mbunleibhéal agus tá 48 díobh seo freagrach as scoileanna ina múintear an siollabas trí Ghaeilge. Tá 11 de na cigirí seo freagrach as scoileanna Gaeltachta mar go bhfuil na scoileanna sin mar chuid den cheantar acu. Ag an mbunleibhéal is speisialtóirí in ábhar-réimsí na cigirí den chuid is mó. Cuireann foireann na cigireachta iar-bhunleibhéal a cuid seirbhísí ar fáil chomh maith do scoileanna ina múintear an curaclam trí Ghaeilge. Faoi láthair tá dóthain de bhaill foirne proifisiúnta ann atá inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí proifisiúnta a sheachadadh do na scoileanna i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.