Written answers

Wednesday, 14 January 2015

Department of Social Protection

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

76. To ask the Minister for Social Protection bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1437/15]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig síneadh mór ar ról agus feidhmeanna na Roinne le 2 bhliain anuas, inar aistríodh breis agus 1,700 comhalta foirne agus a bhfeidhmeanna a bhí ag oibriú, ag an tráth sin, ó bhreis agus 900 láthair. Rinne an Roinn a gnólacht a athstruchtúrú agus a athchumrú ón mbonn aníos, agus rinneadh athruithe ar róil agus freagrachtaí foirne mar chuid de seo. I rith an ama seo, bhí an Roinn ag oibriú i dtimpeallacht an-dúshlánach.

Mar chuid de Straitéis an Rialtais chun tacú le hinniúlacht na Gaeilge sa Státseirbhís, beidh an Roinn ag tabhairt faoi iniúchadh go luath i mbliana chun na poist agus na gráid chuí a shainaithint ina dteastaíonn dátheangachas. Ar chríochnú an iniúchta, cuirfear tús leis an bpróiseas chun na poist seo a líonadh. I dturas an ama, leanann socruithe a bheith i bhfeidhm chun custaiméirí a éascú a bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge á bhfáil acu sa chás gur mian leo amhlaidh a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.