Written answers
Wednesday, 14 January 2015
Department of Children and Youth Affairs
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
501. To ask the Minister for Children and Youth Affairs bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1426/15]
James Reilly (Dublin North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá 6 oifigí i láthair i mo Roinn atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá plean forbartha lucht oibre á ullmhú faoi láthair agus tá súil agam go bhfuil sé seo críochnaithe go luath.
No comments