Written answers

Thursday, 18 December 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Íocaíochtaí faoi Scéim REPs

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

216. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht aonair agus na híocaíochtaí faoin Scéim do Cheantair faoi Mhíbhuntáiste agus faoi REPS 4 a íoc le duine i mo dháilcheantar, cén fáth nár íocadh na híocaíochtaí seo go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49038/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon taifead ag mo Roinn go bhfuarthas iarratas ar bith faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste/Scéim REPS 2014 ón duine ainmnithe. Chomh maith leis sin, níl aon teidlíochtaí ag an duine ainmnithe agus ní bheadh an duine ainmnithe incháilithe chun íocaíocht a fháil faoi Scéim na hAoníocaíochta ar aon nós. Sa chás gur sheol an duine ainmnithe foirm iarratais isteach, beidh orthu scríobh chuig Scéim na hAoníocaíochta – Roinn na Gaillimhe, Seanbhóthar Mhainistir Laoise, Port Laoise, ag míniú a gcás agus an t-admháil Phost Mearsheachadta nó Phost Cláraithe a iarrtar go sonrach i dTéarmaí agus Coinníollacha na Scéimeanna a chur faoi iamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.