Written answers

Tuesday, 16 December 2014

Department of Justice and Equality

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

384. To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48378/14]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl iniúchadh foirmeálta déanta fós ag mo Roinn ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil. Cé go bhfuil post amháin ag an Roinn faoi láthair, mar Aistritheoir, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh sealbhóir an phoist sin dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, seolfaidh mo Roinn iniúchadh sa bhliain 2015 i dteannta mheasúnú leanúnach na Roinne ar riachtanais foirnithe faoin gcreat pleanála fórsa oibre. Ar ndóigh, tá dul chun cinn sa réimse seo ag brath ar líon na ndaoine san earnáil phoiblí agus sriantachtaí earcaithe a chomhlíonadh.

Ina theannta sin, measann an Roinn gur mór an cúnamh é cohórt de bhreis is 50 oifigeach atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (is é sin, ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge, don Roinn, a bheith á chothabháil aici, go háirithe ag cur san áireamh leibhéal na gceisteanna agus na bhfiosruithe as Gaeilge a fhaigheann mo Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.