Written answers

Tuesday, 16 December 2014

Department of An Taoiseach

Cumas Gaeilge sa Stát Seirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

113. To ask the Taoiseach an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48381/14]

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Díríonn obair mo Roinne go príomha ar dhéileálacha leis an Rialtas agus le ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais. Mar thoradh air sin, ní thugaimid leibhéal mór éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge.

Thug roinnt comhaltaí foirne i mo Roinn le fios go bhfuil roinnt inniúlachta acu sa Ghaeilge agus tá siad inniúil go leor chun réimse seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar chéimeanna áirithe. As na comhaltaí seo, sannadh beirt oifigeach a bhfuil ardleibhéal inniúlachta acu chun seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge, agus is leor an líon oifigeach seo chun freastal ar an éileamh reatha.

Aithníonn mo Roinn an tábhacht a bhaineann le líon foirne a bheith ann a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge agus a bhfuil de chumas acu seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, sonrófar i scéimeanna teanga amach anseo de chuid mo Roinne, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, na poist ag a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.