Written answers

Tuesday, 16 December 2014

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

291. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48377/14]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin North Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dhearbhaigh suirbhé ar bhaill foirne, a cuireadh i gcrích in 2012 le heolas a fháil faoi leibhéal an éilimh á bhraistint ag mo Roinn ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, gur fíoríseal ar fad líon na gcumarsáidí faighte i nGaeilge le blianta beaga anuas. Toisc nach bhfuil athrú tagtha ar an scéal ó shin i leith, níl post ar bith laistigh de mo Roinnse a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge mar réamhriachtanas dá chuid.

Tá mo Roinnse go maith ar an eolas faoinár gcuid oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus táimid tiomanta don chumarsáid trí Ghaeilge le cliaint ar mian leo a gcuid gnó leis an Roinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá socruithe i bhfeidhm áit ina bhfuil naonúr ball foirne tagtha chun cinn ar bhonn deonach le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna iomchuí lena gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú. Tá an oiliúint seo á soláthar ionas go mbeidh cohórt ball foirne ag an Roinn ar féidir leo cuidiú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.