Written answers

Tuesday, 16 December 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

694. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48368/14]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den obair ar dhréacht-Phlean Fórsa Oibre mo Roinnse do 2014, rinneadh réamh-iniúchadh ar na postanna ina bhfacthas go bhféadfadh inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon a bheith riachtanach. Mar thoradh ar sin, rinneadh 72 phost a aithint mar mheastachán tosaigh ar an riachtanas a d'fhéadfadh a bheith i gceist.Chlúdaigh dáileadh na bpost a bhí aitheanta gráid ag gach leibhéal thar réimsí gnó uile na Roinne. Cé nár aithníódh go mbeadh aon cháilíocht fhoirmeálta de dhíth, glactar leis nach mór go mbeadh baill foirne sna poist aitheanta in ann gnó na Roinne a dhéanamh sa dá theanga oifigiúil.

Ós rud é go bhfuil an próiseas sa chás seo fós idir lámha, tuigfidh an Teachta nach bhfuiltear in ann figuiúrí deimhnitheacha a thabhairt ag an bpointe seo. Is ag na gráid seo a leanas, áfach, atá an 72 phost atá aitheanta go dáta ar bhonn eatramhach:

PostMéid
Ard-Rúnaí1
Rúnaí Cúnta/Stiúrthóir2
Príomhoifigeach3
Príomhoifigeach Cúnta12
Ardoifigeach Feidhmiúcháin12
Oifigeach Feidhmiúcháin15
Oifigeach Foirne1
Oifigeach Cléireachais15
Oifigeach Seirbhíse2
Gráid eile9

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.