Written answers
Tuesday, 16 December 2014
Department of Communications, Energy and Natural Resources
An Fhoireann Rannach
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
632. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48370/14]
Alex White (Dublin South, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tar éis an cheist a athbhreithniú, ní ba luaithe i mbliana chuir an Roinn seo in iúl don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nach bhfuil aon phost faoi láthair i mo Roinn inar gá duine atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon. Tá an scéal seo á choinneáil faoi athbhreithniú, áfach, i bhfianaise athruithe ar riachtanais ghnó. Thairis sin, tá roinnt ball foirne ag an Roinn a bhfuil scileanna Gaeilge acu ar féidir leas a bhaint astu de réir mar is gá.
No comments