Written answers
Thursday, 11 December 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
217. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a lorgófar tairiscintí don tseirbhís aeir go dtí Oileáin Árann; cá fhad a thógfaidh an próiseas tairisceana agus é á chur i gcuntas go mbeidh deireadh leis an gconradh reatha ag deireadh shamhradh 2015; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47598/14]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo Roinn i láthair na huaire ag scrúdú tuarascáil EY a rinne athbhreithniú ar an tseirbhís aeir d'Oileáin Árann. Beidh an scrúdú sin críochnaithe go luath agus déanfar cinneadh faoin tseirbhís aeir ina dhiaidh sin. Tá an cur chuige maidir le fógraíocht agus eile do sheirbhísí mar seo leagtha síos i Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1008/2008. Beidh mo Roinn ag cloí leis na rialacháin sin agus tairiscintí á lorg i leith na seirbhíse aeir. Ní miste a nótáil go bhfuil conradh i bhfeidhm don tseirbhís aeir go dtí 30 Meán Fómhair 2015.
No comments