Written answers
Thursday, 11 December 2014
Department of Agriculture, Food and the Marine
Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
103. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Míbhuntáiste agus Íocaíocht Aonair Feirme do 2014 agus íocaíocht faoi Scéim REPS4 freisin le feirmeoir i gContae Mhaigh Eo (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill leis na híocaíochtaí sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47597/14]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chuir an duine ainmnithe iarratas faoin scéim Íocaíochta Feirme Aonair/scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ar aghaidh an 14 Bealtaine 2014. Éilítear faoi na Rialacháin AE a rialaíonn riar na scéimeanna sin go gcomhlánaítear seiceálacha riaracháin cuimsitheacha agus iomlána, lena n-áirítear cigireachtaí ar an bhfeirm i gcásanna áirithe, sula n-eisítear aon íocaíochtaí
Roghnaíodh iarratas an duine ainmnithe chun cigireacht incháilitheachta talún a dhéanamh.
Tá an chigireacht tugtha chun críche agus tá na torthaí á chur le chéile anois le súil agus aon íocaíocht, lena n-áirítear íocaíochtaí i ndáil le REPS 4, a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Sa chás go n-eascródh ceist ar bith maidir leis sin, déanfaidh oifigigh mo Roinne teagmháil leis an uine ainmnithe.
No comments