Written answers
Tuesday, 9 December 2014
Department of Environment, Community and Local Government
An Fhoireann Rannach
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
447. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974 [47285/14]
Alan Kelly (Tipperary North, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá thart ar 27 ball foirne (4% den fhoireann) faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Níl an fhaisnéis atá á lorg maidir le blianta roimhe seo ar fáil.
Táim sásta go bhfuil, ag an am seo, go leor daoine i mo Roinn le hinniúlacht sa Ghaeilge chun na riachtanais faoi Scéim Ghaeilge 2013-2016 na Roinne a chomhlíonadh. Mar chuid de phleanáil d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta. Cuireann mo Roinn deiseanna do hoifigigh na Roinne a gcuid scileanna teanga a fheabhsú trí cúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.
No comments