Written answers

Tuesday, 9 December 2014

Department of Education and Skills

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

409. To ask the Minister for Education and Skills cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974. [47284/14]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Léiríodh trí shuirbhé a rinneadh ar fhoireann riaracháin mo Roinne in 2013 go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag tuairim is 10% den bhfoireann. Chuir 1.5% den bhfoireann riaracháin in iúl go raibh ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge acu agus chuir 8.7% den bhfoireann in iúl go raibh meánleibhéal inniúlachta acu.

I dteannta leis an bhfoireann riaracháin, tá ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge ag mórán den bhfoireann allamuigh ar nós cigirí agus síceolaithe oideachais. Ag an mbunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís dhátheangach chigireachta ar fáil do na scoileanna aitheanta go léir, scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna san áireamh. Ag an iar-bhunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís i gcigireacht na Gaeilge ar fáil agus cuireann sí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do na scoileanna Gaeltachta go léir agus do na Gaelscoileanna.

Tá Aonad Oiliúna agus Forbartha Foirne mo Roinne tiomanta do dheiseanna cuí oiliúna agus forbartha, oiliúint sa Ghaeilge san áireamh, a chur ar fáil don fhoireann go léir chun riachtanais tosaíochta ghnó a shásamh. Níl aon fhigiúirí i seilbh mo Roinne a bhaineann leis an líon foirne a raibh inniúlacht sa Ghaeilge acu in 2004, 1994 1984 ná 1974.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.