Written answers

Tuesday, 9 December 2014

Department of Health

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

357. To ask the Minister for Health cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974. [47288/14]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá seachtar ball foirne i mo Roinn, nó beagnach 2% den líon iomlán fostaithe sa Roinn, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Níl aon staitisticí inchomparáide agam do na blianta 2004, 1994, 1984 ná 1974.

Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar don Roinn sa Ghaeilge agus cuirtear aon cheisteanna teileafóin as Gaeilge ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Ós rud é nach gcuireann an Roinn seirbhísí sláinte ar fáil go díreach don phobal, táim sásta go bhfuil dóthain ball foirne sa Roinn atá inniúil sa Ghaeilge. Níl sé ar intinn agam an líon sin a mhéadú ag an am seo, cé go dtugtar deis ar bhonn leanúnach do bhaill foirne reatha feabhas a chur ar a gcuid scileanna sa Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.