Written answers

Tuesday, 9 December 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

98. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair atáthar chun dul ar aghaidh le tógáil an tsínidh ar an gcéibh in Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46778/14]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigtear dom go dtagann cúram na cé seo faoi Chomhairle Contae na Gaillimhe, a chuaigh i mbun réamhoibreacha agus staidéir éagsúla, ar nós múnlóireacht fhisiceach tonnta agus ráiteas tionchar timpeallachta, roinnt blianta ó shin chun cur ar a gcumas cead pleanála a lorg don fhorbairt. Mar thoradh air sin, tá cead pleanála agus ceadúnas forchladaigh faighte ag an Chomhairle d’fhorbairt na cé.

Comhairlítear dom nach bhfuil sé beartaithe ag an Chomhairle Contae dul chun tairisceana i leith forbairt na cé sa ghearrthéarma toisc nach bhfuil na hacmhainní ar fáil faoi láthair. Ós rud é nach bhfuil an leibhéal acmhainní ar fáil do mo Roinn féin anois mar a bhíodh san am a caitheadh, ní féidir léi tabhairt faoi thograí móra mar atá i gceist anseo.

I rith 2013, cheadaigh mo Roinn deontas de €42,000 d'oibreacha cothabhála agus sábháilteachta a chur i gcrích ar an ché seo. I measc na n-oibreacha seo, bhí deisiú ar an ché, solas loingseoireachta, ballaí a thógáil agus trealamh sábháilteachta a sholáthar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.