Written answers
Tuesday, 9 December 2014
Department of An Taoiseach
Cumas Gaeilge sa Stát Seirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
118. To ask the Taoiseach cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47293/14]
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Díríonn obair mo Roinne go príomha ar dhéileálacha leis an Rialtas agus le ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais. Mar thoradh air sin, ní thugaimid leibhéal mór éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge.
Thug roinnt comhaltaí foirne i mo Roinn le fios go bhfuil roinnt inniúlachta acu sa Ghaeilge agus tá siad inniúil go leor chun réimse seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar chéimeanna áirithe. As na comhaltaí seo, sannadh beirt oifigeach a bhfuil ardleibhéal inniúlachta acu chun seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge, agus is leor an líon oifigeach seo chun freastal ar an éileamh reatha.
No comments