Written answers
Tuesday, 9 December 2014
Department of Justice and Equality
An Fhoireann Rannach
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
278. To ask the Minister for Justice and Equality cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974. [47290/14]
Frances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá os cionn 50 ball foirne, nach mór 3% de chohórt na foirne, ar phainéal d’oifigigh atá ar fáil chun obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus ar féidir leo déileáil le ceisteanna agus fiosruithe as Gaeilge ó dhaoine den phobal.
Tá aistritheoir lánaimseartha Gaeilge ag an Roinn, chomh maith, a bhíonn ag gabháil go príomha do Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge.
Roimh thosach feidhme na Scéime Gaeilge níor choimeád mo Roinn staidreamh ar líon na ndaoine a bhí inniúil ar obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus dá dheasca sin níl figiúirí ar fáil do na blianta 2004, 1994, 1984 agus 1974.
No comments