Written answers

Tuesday, 9 December 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú do na hIrisí Gaeilge

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

111. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuair sí freagra ó Fhoras na Gaeilge faoi mhaoiniú do na hirisí Gaeilge, an mbeidh airgead ar fáil don iris An tUltach, an mbeidh ábhar léitheoireachta ar fáil saor in aisce ar-líne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46787/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a mhínigh mé don Teach i mo fhreagra ar Cheist Dála Uimhir 7 den 22 Deireadh Fómhair 2014, is ceist oibríochtúil atá ann d'Fhoras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil d’irisí Gaeilge agus níl ról sonrach agam féin mar Aire ina leith.

Ag eascairt as cinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, chuir Foras na Gaeilge socruithe nua maoinithe i bhfeidhm do na heagraíochtaí ceannais ón 1 Iúil 2014. Tháinig deireadh dá réir le maoiniú Fhoras na Gaeilge do na hirisí a bhí ceangailte leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe, ina measc, An tUltachagus Feasta, a bhíodh á maoiniú ag Conradh na Gaeilge.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm aige pobal léitheoireachta na Gaeilge a spreagadh agus an iriseoireacht Ghaeilge a chothú trí dhíriú ar ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne. Mar shampla, tá an nuachtán seachtainiúil ar líne, Tuairisc.ie, á fhoilsiú faoi chonradh ceithre bliana ó Mheán Fómhair 2014. Seolfar suíomh nua dar teideal Nos.iean mhí seo, ar a mbeidh iris stíl mhaireachtála ar líne ann gach mí faoi chonradh trí bliana. Tuigtear dom fosta go bhfuil an iris Comharroghnaithe chun foilseachán liteartha/cúrsaí reatha a sholáthar faoi chonradh trí bliana. Cé go ndearna Foras na Gaeilge próiseas tairisceana poiblí a reáchtáil sna cásanna seo go léir, tuigtear dom nár chuir An tUltachisteach ar aon cheann de na próisis seo.

Is dóigh liom gur forbairtí nua-aoiseacha agus comhaimseartha iad seo a bheidh mar áis iontach chun spreagadh leanúnach a thabhairt do phobal léitheoireachta na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.