Written answers

Tuesday, 9 December 2014

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

An Fhoireann Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

208. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974 [47289/14]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin North Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an fhaisnéis atá iarrtha ag an Teachta ar fáil toisc nach bhfuil post ar bith laistigh de mo Roinnse a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge mar réamhriachtanas dá chuid.

I gcomhréir lenár gcuid oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 tá mo Roinnse tiomanta don chumarsáid le cliaint ar mian leo a gcuid gnó leis an Roinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá socruithe i bhfeidhm áit ina bhfuil naonúr ball foirne tagtha chun cinn ar bhonn deonach le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna iomchuí lena gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú. Tá an oiliúint seo á soláthar ionas go mbeidh cohórt ball foirne againn ar féidir leo cuidiú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid trí mheán na Gaeilge.

Lena chois sin, dhearbhaigh suirbhé ar bhaill foirne a cuireadh i gcrích in 2012 le heolas a fháil faoi leibhéal an éilimh á bhraistint ag an Roinn ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, gur fíoríseal ar fad líon na gcumarsáidí faighte i nGaeilge le blianta beaga anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.