Written answers
Tuesday, 9 December 2014
Department of Public Expenditure and Reform
An Fhoireann Rannach
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
199. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974 [47291/14]
Brendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar fhreagra ar cheist an Theachta, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil de chumas ag ochtar ball foirne obair na Roinne a dhéanamh trí Ghaeilge, is ionann sin agus thart ar 1% den líon foirne. B'fheidir go bhfuil cuma íseal ar an bhfigiúr seo, ach is cinnte gur leor é chun freastal a dhéanamh ar riachtanais na heagraíochta. Mar gheall ar an ról ata aici, ni bhíonn mórán plé ag mo Roinn leis an ngnáth-phobal, cur i gcás i gcomhthéacs scéimeanna nó seirbhísí dírithe ar dhaoine aonair a sholáthar. Mar sin féin, déanann mo Roinn monatóireacht ar an éileamh atá ar a chuid seirbhísí trí mhéan na Gaeilge chun a chinntiú go gcomhlíontar é. Níl aitheantas tugtha do aon phoist nó réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le oifigigh atá inniúil sa dá theanga.
Mar nár cuireadh mo Roinn ar bun ach i 2011, nílim in ann níos mó ainilís a chur ar fáil.
No comments