Written answers
Tuesday, 9 December 2014
Department of Social Protection
An Fhoireann Rannach
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
164. To ask the Minister for Social Protection cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974 [47292/14]
Joan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá breis agus 300 comhalta foirne ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a luaigh, mar chuid de shuirbhé ar an bhfoireann ar tugadh faoi go déanach in 2012, go bhfuil siad toilteanach agus go bhfuil sé ar chumas acu, faoi láthair, tabhairt faoina gcuid oibre trí Ghaeilge. Is ionann seo agus 4.5% den líon foirne atá i mbun feidhme faoi láthair.
Tá pleananna ann chun painéal d’oifigigh a labhraíonn an Ghaeilge a bhunú mar chuid den fheachtas reatha Oifigeach Cléireachais a bhfuil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag tabhairt faoi. Bainfidh seo, chomh maith, leis an bhfeachtas um oifigeach Feidhmiúcháin a bheidh ag teacht aníos. D’fhéadfadh seo méadú a chur ar an líon foirne sa Roinn atá inniúil chun seirbhís a sholáthar i nGaeilge.
Níl fáil ar aon sonraí stairiúla do na blianta eile a d’iarr an Leas-Oifigeach.
No comments