Written answers
Tuesday, 9 December 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
101. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid atá curtha ar fáil don bhliain 2015 le haghaidh chur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge; cé mhéad den airgead sin a chaithfear ar phleanáil teanga taobh istigh den Ghaeltacht agus cé mhéad a chaithfear ar phleanáil teanga taobh amuigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46779/14]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom a rá ar dtús go mbaineann an chuid is mó den chaiteachas ar fhomhíreanna C agus D de vóta mo Roinnse le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga, bealach amháin nó bealach eile.
Ar mhaithe le tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise agus leis an bpróiseas pleanála teanga mar a leagtar amach é in Acht na Gaeltachta 2012, cuireadh soláthar airgid faoi leith ar fiú €500,000 ar fáil i mbliana i Vóta mo Roinne. Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm na Straitéise, méadaíodh an soláthar sin go €551,000 do 2015, faoi réir na Meastacháin Athbhreithnithe a bheith faofa.
Mar thoradh ar an méadú seo, fágfaidh sé go mbeidh sé ar chumas mo Roinne leanúint ar aghaidh agus raon leathan bearta faoi leith a thacóidh ar bhealach praiticiúil le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga araon a mhaoiniú arís in 2015.
Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar mhiondealú an tsoláthair seo do 2015. É sin ráite, táthar ag súil go mbeifear in ann an soláthar céanna de €200,000, a tugadh d’Údarás na Gaeltachta i mbliana chun cabhrú leis an bpróiseas pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, a chur ar fáil arís don bhliain seo chugainn. Ar ndóigh, beidh gá freastal ar an bpróiseas pleanála teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge, de réir mar a thiocfaidh siad sin chun cinn amach anseo.
No comments