Written answers

Tuesday, 2 December 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

271. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc atá déanta faoi Scéim REPS 4 ag feirmeoir i gContae na Gaillimhe; cén fáth a bhfuil moill leis an gcinneadh ar an achomharc seo, agus na cúinsí eisceachtúla atá i gceist leis an gcás á gcur san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46022/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I bhfianaise na n-imthosca maolaitheacha a bhaineann leis an gcás seo, tá sé socraithe ag mo Roinn force majeure a cheadú i ndáil leis an gceanglas oiliúna nár tugadh chun críche maidir leis an gConradh REPS atá i gceist. Dá réir sin, tá an cinneadh a rinneadh airgead a fuarthas faoi chonradh REPS a aisghabháil anois curtha ar ceal.

Cuirfear an té atá i gceist ar an eolas go díreach i scríbhinn faoi chinneadh mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.